Seachtain na Gaeilge 2018

AdminNews & Events

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile.  Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain.

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!